Cothrom an lae inniu i 1969 a maraíodh Patrick Rooney, 9, an chéad pháiste i dTrioblóidí an Tuaiscirt
Patrick Rooney

Cothrom an lae inniu, an 14ú Lúnasa 1969 a maraíodh an chéad pháiste i dTrioblóidí an Tuaiscirt. Ní raibh Patrick Rooney ach 9 mbliana d’aois nuair a bhuail piléar sa chloigeann é. Scaoileadh an piléar ó mheaisín-ghunna i bhfeithicil armúrtha Shorland de chuid an RUC. Bhí sé ina sheasamh in árasán Dhuibhise in íochtar na bhFál i mBéal Feirste. Le déanaí tá cód faoina bhás seolta chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

An tseachtain seo i Lúnasa 1969 thoisigh círéibeacha fíochmhara i mBéal Feirste. In íochtar cheantar na bhFál, bhí teaghlaigh Caitliceacha ag teitheamh as a dtithe a bhí faoi ionsaí ag Dílseoirí ó cheantar na Seanchille. Lena linn seo, scaoil an RUC piléir isteach in árasán theaghlach Rooney i Sráid Dhuibhise. Maríodh Patrick Rooney, buachaill naoi mbliana d’aois nuair a bhuail piléar sa choigean é. An chéad pháiste a maraíodh sna trioblóidí.

Is cuimhne lena dheartháir, Con, a bhí bliain níos óige ná Patrick ag an am, an eachtra go glinn.

“Bhí muid inár gcónaí in UImhir a 5, Casán N. Breandáin in Árasáin Dhuibhise. Thoisigh an scaoileadh ag éirí níos fíochmhaire an oíche sin. Chuala muid go rabhthas ag ionsaí agus ag dódh na dtithe (Caitliceacha) in íochtar Bhóthar na bhFál. Chuir m’athair, Neily agus mo mháthair, Alice, an teaghlach uilig isteach i seomra cúil le bheith sábháilte. Go tobann, scinn piléar thart le himeall aghaidha athar agus tháinig fuil leis. Thuig a athair go raibh fuil leis agus dúirt sé sin lena bhean chéile. Ansin chonaic siad Patrick ag titim síos sa choirnéal ag an bhalla. Shíl na tuismitheoirí ar tús gur i laige a thit Patrick nuair a chonaic sé fuil ar aghaidh a athar. Ach nuair a thóg mo mháthair é, chonaic siad go raibh sé ar maos i bhfuil agus go raibh sé lámhachta i gcúl an chinn. Chuir mo mhuintir Patrick ina luí ar an leaba agus d’iarr m’athair orainn cromadh síos le guí. Ainneoin gur éirigh linn – le deacrachtaí móra- otharcharra a fháil, fuair sé bás in ospidéal an Royal Victoria uair a chloig ina dhiaidh sin.”

D’admhaigh Tuarascáil an Bhreithimh Scarman i 1972 ar an eachtra nach raibh an ceart ag an RUC scaoileadh i dtreo na n-árasán. Ach níor cúisíodh aon duine i marú Phatrick Rooney ariamh. Ní go dtí 2016 a d’fhiosraigh Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann an cás arís.

Thug dlíodóirí theaghlach Rooney, Madden & Finucane le fios do Nuacht RTÉ an tseachtain seo gur cheistigh Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann iaroifigeach den RUC faoin eachtra agus go bhfuil cinneadh idir lámha faoi láthair ag An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Dúirt an dlíodóir Michael Halleron, go bhfuil imní orthu faoin mhoill atá leis an chás agus go bhfuil cruinniú iarrtha acu leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an teaghlach le hiarracht a dhéanamh an cás a dheifriú.Is cuimhne le Con Rooney go fóill nach raibh cead aige féin ná na páistí eile sa chlann dul ar shochraid Phatrick ag an am.

“Shíl mo mhuintir go raibh ár sáith feicthe againn nuair a chonaic muid an marú féin. Shíl siad go bhfágfadh an tsochraid bail ní ba mheasa orainn. Ní raibh muid ábalta sochraid a thabhairt dó sa cheantar seo mar bhí barracáidí ar fud Bhóthar na bhFál le linn na gcíréibeacha agus bhí orainn an tsochraid a thabhairt amach as teach dheirfiúr mo mháthar i mBaile Andarsan ar an taobh thiar den chathair.”

Fuair athair Phatrick Rooney, Neily bás ó shin ach deir a mhac Con gurb é a mhian i gcónaí – fiú ar leaba a bháis – fios a fháil cé a mharaigh a mhac agus cén fáth. Caoga bliain is an la inniu, tá an teaghlach go fóill ag fanacht.

RTÉ